Fáilte chuig Adhlacóir Egan as Gaeilge!

(Le Shauna Conway)

Aistríodh an leathanach seo a leanas go Gaeilge ar son do d’éascaíocht. Ní rabhamar in ann gach focal dár suíomh gréasáin a aistriú ach tá an t-eolas seo a leanas curtha ar fáil trí Ghaeilge againn chun cabhrú leat tuiscint níos fearr a bheith agat orainn. (Tá roghanna aistriúchán ar líne ann ag bun an leathanaigh do na leathanaigh nach bhfuil aistriúcháin déanta orthu freisin).

Seirbhís Phroifisiúnta atá Inacmhainne agus ar Ardchaighdeán a chur ar fáil

Is gnó teaghlaigh muid Adhlacóir Egan atá suite i mBaile Átha Luain i gContae Iarmhí i bPoblacht na hÉireann a bhunaíodh sa bhliain 1954. Táimid díograiseach i leith gach rud a bheidh ag teastáil uait i gcomhair saol do dhuine muinteartha a chomóradh a chur ar fáil.

Ár nGealltanas

Geallaimid seirbhís phearsanta ar ardchaighdeán a chur ar fáil duit. Tig leat go mbeidh gach gné den tsochraid beartaithe, eagraithe agus curtha i gcrích ar bhealach pearsanta agus measúil.  Freastalaímid ar gach creideamh agus rogha atá ag ár gcliantacht ag cur réimse seirbhísí ar fáil. 

Ár Seirbhísí

Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil a fhios agat go beacht cad gur féidir leat a bheith ag súil le uainn agus na seirbhísí atá ar fáil duit. Tá liosta ann thíos faoi de na seirbhísí a chuirimid ar fáil.

  • Is féidir linn na socruithe ar fad leis an séipéal, créamatóiriam nó ionad adhartha a dhéanamh ar do shon.
  • An corp ar bhásaigh a bhaint ó theach altranais, áit chónaithe nó ospidéal.
  • Na socruithe ar fad maidir le fógraí bás sna nuachtáin áitiúla agus naisiúnta, raidió srl a dhéanamh.
  • Balsamú agus ullmhúchán an té a bhásaigh.
  • Cuirimid réimse de chónraí, cisteoga agus síothla ar ardchaighdeán ar fáil a thabharfaidh ár adhlacóirí treoir chúramach fúthu duit (le breis eolais gliogáil anseo).
  • Ath-oscailt uaigheanna teaghlach reatha nó ceannachán uaigh nua a eagrú.
  • Cuirimid leabhair comhbhrón pearsanaithe ar fáil.
  • Is féidir bláthanna a eagrú ar son an teaghlaigh (Tá breis eolais ar fáil anseo).
  •  Cabhair leis an gceol a shocrú don tsochraid.
  • An corp a bhásaigh a shocrú sa teach tórraimh (le breis eolais maidir leis an Tórramh Éireannach, gliogáil anseo le do toil). 
  • Cuirimid seirbhís réamhphleanáil sochraid ar fáil ( Is féidir breis eolais a fháil trí ghliogáil anseo).
  • Tá seirbhísí aisdúichiú ar fáil uainn (Is féidir breis eolais a fháil trí ghliogáil anseo).

Gliogáil anseo le do thoil le haghaidh breis seirbhísí. Ag Adhlacóir Egan déanaimid ár ndícheall gach iarratas a dhéanann ár gcliantacht a chomhlíonadh. Má tá aon seirbhísí breise ann ar mhaith leat, déan teagmháil linn agus déanfaimid gach iarracht iad a shásamh.

Pleananna Costas

Is féidir costais sochraid a bheith réasúnta agus ní gá dóibh a bheith róchostasach! Cuirimid pleananna costas inacmhainne agus réasúnta a fheileann do do riachtanais ar fáil.

Ná lig na costais a bhaineann le sochraid imní nó eagla a chur ort. Tar chugainn agus labhairt linn inniu agus tabharfaimid treoir duit maidir le pleananna airgeadas agus tráthchuideanna. 

Is é seo a leanas atá sa Phlean Bunúsach agus Inacmhainne

- Seirbhís balsamú agus lánullmhúchán an choirp a bhásaigh.
- Rogha cónra ó ár réimse ‘Clonmacnoise’.
- Úsáid Mercedes clasaiceach leis an eileatram a iompar chuig an ionad adhartha agus reilig roghnaithe.  
- Is féidir seirbhísí breise a chur leis ár bPlean Bunúsach agus Inacmhainne ar ndóigh.    

Tá pleananna ardleibhéil le rogha neart breis-sheirbhísí agus gnáspleananna ar fáil uainn chomh maith. Le breis eolais, gliogáil anseo, nó is féidir leat dul i dteagmháil linn am ar bith.


Tá breis eolais maidir leis na topaicí seo a leanas curtha ar fáil againn freisin (Gliogáil ar an topaic):

- An Tórramh Éireannach – Creidimid go bhfuil an Tórramh Éireannach ríthábhachtach mar sin is fiú an chuid seo a léamh!
- Cónraí, Ciseoga agus Síothla
- Clocha Chinne agus timpeallacht Uaighe 
- Bláthanna

Aisdúichiú

.Déantar cur síos ar aisdúichiú mar phróiseas dheacair agus an-chostasach ar fad ar theaghlaigh go minic. Is féidir linn éascaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí aisdúichiú, ag cur an t-eolas agus an tacaíocht ar fad atá ag teastáil leis do dhuine muinteartha a thabhairt abhaile ar fáil. Déan teagmháil linn inniu i  dtaca seirbhísí aisdúichiú agus tabharfaidh ball den fhoireann comhairle duit chomh maith agus is féidir leo.

Ár Scéal, Ár Nuacht is Déanaí agus Buail leis an bhFoireann!

Más mian leat níos mó a fhoghlaim faoi Adhlacóir Egan, gliogáil anseo le de thoil agus léigh ‘Ár Scéal’. Ina dteannta sin is féidir ‘Ár Nuacht is Déanaí’ a léamh trí ghliogáil anseo. Tá cuid ‘Buail leis an bhFoireann’ curtha ar fáil againn freisin. Chomh maith le sin, léigh faoi ár bpleananna ár dTeach Tórraimh féin a oscailt!

 

Fógraí Bás (gliogáil anseo)

Taispeánann an leathanach seo na fógraí bás le déanaí. Más mian leat fógra báis nó fógra aitheantais a chur ar ár suíomh gréasáin, cuir glaoch orainn nó fág teachtaireacht dúinn trí ghliogáil anseo.

Teachtaireacht Comhbhróin a fhágáil

Más mian leat teachtaireacht comhbhróin a fhágáil, líon isteach an fhoirm (gliogáil anseo) agus déanfaimid cinnte go gcuirfear ar aghaidh ag an teaghlach é.

Laethanta Cuimhneachán

Cuimsíonn an chuid seo nuashonrú seachtainiúil de laethanta cuimhneachán. Más mian leat go uaslódálaimid lá cuimhneacháin de do dhuine muinteartha (is cuma cá bhfuil siad sínte nó cé ar chuir iad) gliogáil anseo le do thoil.

Gailearaí

Gliogáil anseo le do thoil le híomhánna dár n-eileatram, carr bróin, cónraí agus i bhfad níos mó a fheiceáil.

Eolas

Tá roinnt eolais curtha ar fáil againn leis an am deacair seo a dhéanamh níos éasca ort.

- Mapa ar Líne

- An Fháil atá ar Dheontais
Tá líon deontas ar fáil. Gliogáil anseo le haghaidh breis eolais nó cuir glaoch orainn inniu agus déanfaimid iad a mhíniú duit.

- Ceisteanna Coitianta
Tá ár gceisteanna is coitianta curtha ar fáil againn. Má tá aon cheisteanna agat (beag nó mór) dean teagmháil linn le do thoil.

- Eagraíochtaí Tacaíochta
Gliogáil anseo le do thoil le haghaidh liosta d’eagraíochtaí tacaíochta.

Déan Teagmháil Linn

Cad chuige nach dtiocfaidh tú chugainn agus labhairt linn inniu? Ná lig na costais nó na socrúcháin cur leis an am atá strusmhar cheana féin. Déan teagmháil linn am ar bith trí fhón, ríomhphost, nó coinne a chur in áirithe. Is mór an onóir é dúinn aire a thabhairt i ndiaidh socruithe do dhaoine muinteartha.

Tug Cuairt Orainn ag: Ard Na Greine, Bonavalley, Ahlone, Co.Westmeath
Teileafón: 090 6472236
Fón Póca: 0872494293
Seol Ríomhphost againn ag: egansundertakersathlone@eircom.net

(nó gliogáil anseo)

Freisin más mian leat ár SÉANADH/POLASAÍ PRÍOBHÁIDEACHAS/RÁITEAS CÓIPCHIRT a fheiceáil, ní mór duit gliogáil ar cheann acu dóibh.

Ba mhaith le hAdhlacóir Egan buíochas a ghabháil le Shauna Conway ar son aistriúchán an leathanaigh seo. Is am an-deacair ar fad é nuair a chaillimid duine muinteartha. Tá sé níos deacra fós nuair atá bacainní teanga i gceist nó dul amú ann de bharr aistriúchán. Leis an gcabhair iontach ó Shauna Conway tá súil againn go mbeadh deacracht amháin níos lú ann duit le linn d’am deacair.